Is díol sásaimh don Bhord Réitigh Aonair, don Údarás Baincéireachta Eorpach agus do Mhaoirseacht Baincéireachta BCE an tsraith chuimsitheach gníomhaíochtaí a ghlac údaráis na hEilvéise inné chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Tá earnáil baincéireachta na hEorpa athléimneach, le leibhéil láidre caipitil agus leachtachta.
Tá leagtha síos ag an gcreat réitigh lena gcuirtear chun feidhme san Aontas Eorpach na hathchóirithe ar mhol an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais iad i ndiaidh na Géarchéime Móire Airgeadais, i measc nithe eile, an tord de réir ar cheart do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe bainc anásta caillteanais a iompar.
Go háirithe, is iad gnáth-ionstraimí cothromais na chéad ionstraimí a iompraíonn caillteanais, agus ní bheadh gá le Caipiteal Breise Leibhéal 1 a dhímheas ach amháin tar éis iad a úsáid ina n-iomláine. Cuireadh an cur chuige sin i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcásanna roimhe seo agus leanfaidh sé de bheith ina threoir le haghaidh ghníomhaíochtaí BRA agus le haghaidh maoirseacht baincéireachta BCE in idirghabhálacha géarchéime.
Gné thábhachtach de struchtúr caipitil na mbanc Eorpach is ea Caipiteal Breise Leibhéal 1 agus is amhlaidh a bheidh sé amach anseo.
Contact our communications team
Recent news

- Well-coordinated communication is essential when banks fail or are likely to fail
- The consultation runs until 12 December 2025.
The SRB opens today a pu...


Guidance, published after public consultation, provides details on the multi-annual testing programme
Regular testing of banks’ ability to deal with a...